Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Ní leigfi' me," arsan máthair.
"Cé'n fáth?" arsan Dane, "nár leig tú do chuid iníneacha leóbh chun a tóraí."
"Innseó mé sin duit," ar sise, "tá rud éicínt ráidhte le bean aca, agus buachaill ar a mbaile seo"
"Bheul," arsan Dane, "leigfi' tú liom-sa 'un a tóraí iad."
"Leigfead," ar sise.
Nuair a bhí siad a gul 'un a tóraí dubhairt leis a gcailín seo a raibh a rud ráithe léi suidhe le h-ais a bhuachaill óg i dteach a' tóraí.
Rinne sí mur d'íarrú uirthi agus bhí íontas ar chuile dhuine faoí gur shuidh sí len a chéile. I gceann tamaill go'n oidhche thoisig siad a siubhal le cleasannaí - a pósú gach lánamha a bhí sa teach. Bhí an Dane a faire ortha agus nuair a bhí siad réidh d'éiri' sé in a shuidhe agus dubhairt sé go mba dheas a tslighe ar imir siad a cleas.
"Fan anois," ar seisean, "go bhfeicfi sibh an chaoí a n-imrigheann sin in Iorrus é."
Dubhairt sé leis a gcailín seo agus a mbuachai{ll} seo éirí in a seasamh. Dubhairt sé le lánamha eile annsin eirighe agus seasamh len a dtaobh. Rinne sé an pósadh.
"Tá sibh a chómh postaí anois," ar seisean, "is dá bpósthaí a t-easbog sibh" -(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo