Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is cuimhin liom féin nuair nárbh fhéidir le daoine bágún na hÉireann a fháil sna siopaí tuaithe ar chor ar bith. Mharaídís coileach agus bardal agus gandal anois is arís nuair a bhíodh ‘spraoi’ nó fleá acu, go mórmhór um Nollaig, um Cháisc agus ag Féile Mhártain Naofa. Ba mhian le gach duine gé a mharú le haghaidh Féile Mhártain Naofa, a bhíonn ar an deichiú lá de mhí Samhna, mar tá pisreog ann gur ceart fuil a dhoirteadh in onóir don naomh an lá sin.
Cé nach raibh flúirse feola acu, d’ithidís neart éisc, go mórmhór scadáin. Théadh na mná go léir ar an margadh gach seachtain agus ciseán lán d’uibheacha agus im faoin ascaill ag gach duine díobh. Dhíolaidís an lón sin agus leis an airgead cheannaídís lón tí na seachtaine. Bhíodh breisín mór scadán sa gciseán ag gach duine díobh ag filleadh abhaile dóibh. Ní thugaidís ar scadán breá mór an t-am sin ach leithphingin, agus gheibhtí iasc mór goirt – ling – ar scilling. Ní bheadh ling iomlán ite i dteach go ceann coicíse, ar a laghad, bhí an méid sin ann. Sa gciseán freisin bhíodh unsa tae, ar thrí phingin, agus punt siúcra, ar dhá phingin. An t-athair is an mháthair a d’óladh an tae. Ní thugtaí do na páistí ar chor ar bith é mar mheastaí nár mhaith dóibh é.
Ina theannta sin, bhíodh bric, bradáin agus(leanann ar an chéad leathanach eile)