Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean Mhic Domhnaill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanfhocla

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 206

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sean-Fhocla
Ní dhéanann an luighe fada bréag.
Is minic a chuir fear na luaithe fear na cruaiche amach.
Ní bhíonn duine críonna go dtéigh’ beart in’ aghaidh.
Líontar sac le póiríní.
Is trom an t-ualach ualach de phutóga folamha.
Is minic a bhris teanga srón.
Ar na hadharca beirtear ar na ba agus ar na teangacha ar na daoine.
Níor ghabh do bholg féin buidheachas ariamh leat.
Ní fhéadfa duine a bheith ag feadaighil agus ag itheadh mine.
Dá fheabhas an t-ól sé tart a dheireadh.
Dá fheabhas an t-ól is fearr an t-ithe.
An té bhíos dhá bháthadh b’fhearr leis a bheith dhá dhóghadh agus an té bhíos dhá dhóghadh b’fhearr leis a bheith dhá bháthadh.
Ní bhfuair an sionnach ariamh teachtaire ab’ fhearr ná é féin.
Ná cuir do shúil thar do chuid.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Bríghid Ní Fhearchair
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Máirtín Mac Seóinín
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Aois
76
Seoladh
An Chraobhach Thuaidh, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge