Sean-Fhocla Ní dhéanann an luighe fada bréag. Is minic a chuir fear na luaithe fear na cruaiche amach. Ní bhíonn duine críonna go dtéigh’ beart in’ aghaidh. Líontar sac le póiríní. Is trom an t-ualach ualach de phutóga folamha. Is minic a bhris teanga srón. Ar na hadharca beirtear ar na ba agus ar na teangacha ar na daoine. Níor ghabh do bholg féin buidheachas ariamh leat. Ní fhéadfa duine a bheith ag feadaighil agus ag itheadh mine. Dá fheabhas an t-ól sé tart a dheireadh. Dá fheabhas an t-ól is fearr an t-ithe. An té bhíos dhá bháthadh b’fhearr leis a bheith dhá dhóghadh agus an té bhíos dhá dhóghadh b’fhearr leis a bheith dhá bháthadh. Ní bhfuair an sionnach ariamh teachtaire ab’ fhearr ná é féin. Ná cuir do shúil thar do chuid.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »