Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean Mhic Domhnaill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Mar a bhFuair an Iarla Clanriocard A Chuid Taltaí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 272

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Timcheall na mblí 1700 do bhí bodach mór i Shasana a thuill clú agus cáil san Euróip mar gheall as an fheabhais is d'féadfadh sé feidhm a bhaint as a claidheamh i gcomhrach aonfhir. Ní raibh sé seo sásta leis an méid onóra a fuair sé in a thír féin go dtáinig sé go hÉirinn chun a theasbáint go raibh sé chomh maith agus a cuireadh in a leith.
Tháinig sé idtír agus d'fhógair sé comhraic aonfhir ar aon duine sa tír uilig. N´ôr fhreagair aoinne é agus níor thairn le dream an uachtar laímhe go mbéadh aon fhear indhon labhairt mar sin in Éirinn acht bhí fhios acu nach bhféadfaidhe cosg a chuir leis acht le chéile comhraic a chuir in a aghad Cé chuirfidis in a aghadh? B'in an ceist ba deacair a réidhteach acht do luaidhe ainm liam buidhe De Búrca. Bhí ainm in áirde ar eachtraí agus gníomharthaí an fhir seo agus a sheacht sinsear roimhe leis an gclaidheamh mar sin cuireadh triall air láthra Acht thárla gur i mbraighdeanas a bhí liam de bharr coir mór eicínt agus deirim leat nárb obair éas é a fhuscailt. Acht ar aon nós fritheadh ceard saoirse trí míosa ar aon nós dó.
Is dóig go raibh an daoirse ag goileamhaint ar

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Jennie Warde
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Mrs Nora Morrin
Inscne
baineann
Aois
56
Seoladh
Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge