Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Deirg, deirge buall an poll dubh
-An teine faoi an bpota
Siúd isteach an bubailín,
Siúd amach an bubailín,
Fiadh na gceithre gcos
Go dtugaidh leis an bubailín
-Luchóg
Capaillín na stábla
'S é na chos - in- áirde
-Túirne lín.
Tá mo dhaidi mór sa gclúid
'S dhá chéad súil air.
-Criathar
Tá mo dhaidi mór 'sa ngarraidhe
'S dhá chéad cóta mór air
-Crann cabáisde
Trachtaire beag ó theach go teach
'S déanann sé a ghoradh ins gach uile theach
-Iarann Íarnála.
Níl sé istigh, níl sé amuigh
'S tá sé faoi dhíon a tighe i dtaobh eicínt
- Fráma na Fuinneóige.
Súid amach e 's beadh an tsagairt leis.
- Cearc a mbeadh ubh aici.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Julia Davern
- Ainmneacha eile
- Julia Davern
- Siubhán Ní Dobhraoin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peggy Davoren
- Ainmneacha eile
- Peggy Davoren
- Peigí Bn Uí Dobhraoin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 96
- Seoladh
- An Chathair Dhubh, Co. Mhaigh Eo