Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean Mhic Domhnaill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Caisleán na hÉille (The Neale) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 201

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

ag dul treasna a gáirdín. Nuair a bhí sé ag dul thar an gclaidhe thuig cúpla cloch. Thóg sé arís iad. Nuair a chonaic Máire é sin cér bí cé’n rud a bhí déanta as bealach ariamh ní chuirfeadh sí ar an bhfear sin é.

Thagadh fir óga an bhaile isteach ar cuairt chuig tigh Máire Shéamuisín. Oidhche amháin nuair a bhí siad ag dul abhaile chaith duine eicín cloch ar an doras. Tháinig Máire amach in a ndiaidh agus thosuigh sí ag easganaidhe ortha ar a dícheall. Bhí buachaill amháin ann a raibh Gaedhailge maith aige agus thosuigh sé ag cur easganaidh uirthi agus adubhairt. “Ná béidh bráighdín do bháis thar do ghlúnaibh ort agus rath na raithnighe ag fás agus ag críonú.”
“Ó”, ar sise nuair a chuala sí sin, “leig dom agus leigfidh mé duit.”
****************
Máire Shéamuisín – cunntas fíor é seo ar shean mhnaoi a mhair ar an mbaile.
Pádhraig Mac An Bháird 76 Bliain
Ballyrourke
The Neale

Bailitheoir
Sinéad Ní Bháird
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Pádhraig Mac An Bháird
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
76
Seoladh
Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge