Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa teach bhí na cearca istigh roimpi. Bhí sí ‘gá gcur amach agus d’eiteall siad suas ar an mbord. Leag siad na gréithidhe ag briseadh iad uilig. Thosuigh sí ag dóirteadh mionnaí móra ortha ar a dícheall, bhí sí chomh feargach sin. Dubhairt sí leis an sagart nach féidir léi na mionnaí a chomhairiú chun iad a chur síos ar an gcipín ach céard a rinne sí ach an cipín a thógáil agus é a chaitheamh isteach sa teine.Oidhche amháin chuir buachaillí an bhaile leac ar bharr similar tighe Máire agus níorbh’ fhéidir leis an deatach a dhul aníos. Níorbh’ fhada go raibh an teach líonta le deatach agus thosuigh Máire ag casacht. Ní raibh fhios aici céard a ba cionn leis. Chuaidh sí amach chuig na comhursana agus d’innis sí an scéal dóibh. Tháinig siad agus thóg siad anuas an leac mór. Bhí sí ar buile agus chuir sí an dlighe ar fear óg na háite ar shíl sí gurbh’ é a rinne an gníomh ach do socruigheadh an cás eatorra.Lá ina dhiaidh sin bhí sí ina suidhe thaobh amuigh dá tighe féin. Bhí an fear óg seo(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sinéad Ní Bháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Mac An Bháird
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo