Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 193
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aige.
Rith Seán anonn chuige agus thosuigh sé ghá chraitheadh. Ní dhearna a athair acht a chos a árdú agus Seán a bhualadh sa smig agus leag sé ar an urlár é. Céard a rinne an dearbhrathar b'óige aige annsin acht teacht anonn chuig Seán agus cúpla cic a thabhairt dó agus bhí an duine bocht annsin ar an urlár gan cor ná car as. Nuair d'éirigh sé do gheall sé in a intinn fhéin nach mbeadh Máirtín beo an lá dár gcionn dá mbeadh seisean indon é mharbhughadh. Lá ar na mhárach cerbhé an chéad duine a casadh leis acht Máirtín. Thosuigh Seán air ag troid leis ar an bpoinnte, act "Stop noiméad", arsa Máirtín, "go n-innseochaidh mé duit. Nuair a bhíomar istigh i dtigh Uí Chonraoi nach ndeachaidh ceann de na malraí amach agus creidim gurb í arinne an gníomh sin agus ní mise. Cé'n fáth a dhéanfainn sin?" ar seisean. Shíl Seán annsin go raibh sé ag innsint an fhírinne agus gurb í an cailín a chuir na clocha sa mála agus ó'n lá sin amach ní dheachaidh sé isteach sa teach sin.- Bailitheoir
- Sinéad Nic Bháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Patrick Warde
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo