School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aige.
Rith Seán anonn chuige agus thosuigh sé ghá chraitheadh. Ní dhearna a athair acht a chos a árdú agus Seán a bhualadh sa smig agus leag sé ar an urlár é. Céard a rinne an dearbhrathar b'óige aige annsin acht teacht anonn chuig Seán agus cúpla cic a thabhairt dó agus bhí an duine bocht annsin ar an urlár gan cor ná car as. Nuair d'éirigh sé do gheall sé in a intinn fhéin nach mbeadh Máirtín beo an lá dár gcionn dá mbeadh seisean indon é mharbhughadh. Lá ar na mhárach cerbhé an chéad duine a casadh leis acht Máirtín. Thosuigh Seán air ag troid leis ar an bpoinnte, act "Stop noiméad", arsa Máirtín, "go n-innseochaidh mé duit. Nuair a bhíomar istigh i dtigh Uí Chonraoi nach ndeachaidh ceann de na malraí amach agus creidim gurb í arinne an gníomh sin agus ní mise. Cé'n fáth a dhéanfainn sin?" ar seisean. Shíl Seán annsin go raibh sé ag innsint an fhírinne agus gurb í an cailín a chuir na clocha sa mála agus ó'n lá sin amach ní dheachaidh sé isteach sa teach sin.- Collector
- Sinéad Nic Bháird
- Gender
- Female
- Informant
- Patrick Warde
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo