School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mballa taobh amuigh agus chuadar isteach.
Nuair a bhíodar istigh thárla go ndeachaidh ceann dos na cailíní amach i gcoinne brosna móna agus bhí sí tamall maith amuigh acht níor cuireadh aon suim annsin ag an am.
Tháinig an bheirt fhear amach arís. Thóg Seán an mála de'n bhalla agus chuir sé ar a druim é, agus chuadar ar an mbóthar arís. Déaradh Seán anois is arís go raibh an mála an-trom agus go raibh sé ag éirigh tuirseach acht d'iomchur sé abhaile é ar chaoí ar bith.
An trathnóna sin dubhairt a mháthair le Seán na fataí a nigheadh. Thóg Seán an mála fataí agus d'iompuigh sé amach ar an urlár iad, agus is beag nár thuit sé nuair chonnaic sé nach raibh ann acht clocha agus nach raibh morán fataí ann chor ar bi[th.]
Thosuigh a athair ag argóint leis fé a bheith in a liab chomh mór sin agus chuile dhuine ag magadh fé. D'éirigh Seán go feargach agus dubhairt sé gurbh é Máirtín a rinne é sin agus gheall sé go marbhóchaidh sé é nuair a chífeadh sé é. I rith na hoidhche sin go léir bhí a athair ag magadh fé Sheán acht sa deireadh d'éirigh Seán tuirseach de sin. Bí a athair in a shuidhe ar chathaoir in-aice na teineadh agus a chos ar a ghlú[in](continues on next page)- Collector
- Sinéad Nic Bháird
- Gender
- Female
- Informant
- Patrick Warde
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo