Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhagair sé ar na daoine. Rinne sé comhartha na croise air [?] é féin agus Tadhg agus ar seisean ós árd, “In ainm Dé céard atá ag cur as duit a Thaidhg Ó Laife? Nár cuireadh indé thú?”
“Diabhal cur muis ná cur,” a adeir Tadhg. “Bhí muise thios i gConndae Mhuigheo ag cur mo dhearbhthair le seachtmhain” agus d’innis sé an sgéal ó bhun go bárr do’n sagart agus do gach duine a raibh fonn éisteachta air. Dá mhéid an sáinn a raibh an tAthair Seán ann an oidhche roimhe sin bhí sé seacht n-uaire níos measa anois ag éisteacht le sgéal Thaidhg.
I ndeireadh na dála ghabh sé uchtach agus ar seisean a ghlór ag crith le neart naire “Ph-ph-phós mise do bh-bh-bhean le b-b-buachaill a bhí agam in-in-indé.”
“Mo bhean-sa ! ! mo bhean-sa, an ead? Mo Bhid? An ag magadh fúm atá tú? arsa Tadhg agus é ag léimnigh as a craiceann le neart buille. D’árduigh sé a lámh leis an sagart a leagann ach chuimhnigh sé gurbh’ é searbhfhóntuidhe Dé a bhí ann.Chuir sé fios ar a mhnaoi. Tháinig sise(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Eithir
- Ainmneacha eile
- Máire Ní Eithir
- Mary Haire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Oiscin
- Ainmneacha eile
- Liam Ó Oiscin
- William Heskin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo