Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Innis dom an fhírinne. Cá bhfuil sí imithghe?" arsa Geilis arís lei, "nó marbhóchaidh mé thú ar an bpoinnte."
"Chuaidh sí i gcoinne mine," ar sise.
"Ní dheachaidh sí, innis dom go tapaidh," ar seisean acht ní abróchaidh an tsean-bhean cá raibh sí imighthe i gceart.
Sa deireadh dubhairt sé leis an mnaoi óig an rópa a bhí i gcoirnéal an chabháin a thabhairt dó. Do thug, agus chuir sé ceangal na gcúig gcaol ar an tsean-bheainín. D'imthigh Geilis agus an bhean óg leo chomh tapaidh is bhíodar indon agus chuadar in áirde ar crann. Níorbh fhada go bhfacadar inghean na sean-mná agus an fathach ag teacht.
Nuair a chuadar thart tháinig an bheirt acu anúas den crann agus d'imthigheadar leo go dtángadar go dtí an bothar mór. Bhí solas na maidne ann san am sin. Casadh fear leo agus d'fiafruigh siad de, "Cé'n bóthar e seo?"
"Tá tú ar an mbothar ceart anois go dtí an Fhrainnc," ar seisean,
D'imthigheadar leo gur casadh fear déirce ortha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mheith
- Ainmneacha eile
- Eibhlín Ní Mheith
- Nellie Maye
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mrs Morrin
- Ainmneacha eile
- Mrs Morrin
- Nóra Bean Uí Mhuráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo