School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Innis dom an fhírinne. Cá bhfuil sí imithghe?" arsa Geilis arís lei, "nó marbhóchaidh mé thú ar an bpoinnte."
"Chuaidh sí i gcoinne mine," ar sise.
"Ní dheachaidh sí, innis dom go tapaidh," ar seisean acht ní abróchaidh an tsean-bhean cá raibh sí imighthe i gceart.
Sa deireadh dubhairt sé leis an mnaoi óig an rópa a bhí i gcoirnéal an chabháin a thabhairt dó. Do thug, agus chuir sé ceangal na gcúig gcaol ar an tsean-bheainín. D'imthigh Geilis agus an bhean óg leo chomh tapaidh is bhíodar indon agus chuadar in áirde ar crann. Níorbh fhada go bhfacadar inghean na sean-mná agus an fathach ag teacht.
Nuair a chuadar thart tháinig an bheirt acu anúas den crann agus d'imthigheadar leo go dtángadar go dtí an bothar mór. Bhí solas na maidne ann san am sin. Casadh fear leo agus d'fiafruigh siad de, "Cé'n bóthar e seo?"
"Tá tú ar an mbothar ceart anois go dtí an Fhrainnc," ar seisean,
D'imthigheadar leo gur casadh fear déirce ortha(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Mheith
- Other names
- Eibhlín Ní Mheith
- Nellie Maye
- Gender
- Female
- Informant
- Mrs Morrin
- Other names
- Mrs Morrin
- Nóra Bean Uí Mhuráin
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo