Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire, Bean Mhic Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleán na hÉille (The Neale)
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “Geilís na gCos nDubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar an mnaoi óg agus dubhairt: "Goirrim agus caisricim dom fhéin thú," agus bhí an bean aige, acht thug ceann do na sidheógaibh buille d'á mhaide dhraoidheachta dí chun nach mbéadh sí indon labhairt leis.
    Do thug Geilis an hhean abhaile leis. Lá ar na mhárach thug sé go teach an tsagart í agus d'iarr sé ar an sagart í fhágháil annsin go bhfuighidh siad slighe len í chur thar nais go dtí an Fhrannc.
    Oidhche Shamhra blian go direach ó'n lá a ghoid Geilis an bhean óg ó na sídheoga dúbhairt sé go rachadh sé amach go dtí an lios agus go bhfanfadh se ag éisteacht, féachaint an gcloisfeadh sé aon rud. Níorbh fhada go dtáinig an sluagh sídhe agus gach uile ceann acu agus "Mo srian mo chapall agus mo dhiallaidh" ar siubhal acu.
    Sa deireadh dubhairt duine acu, "blian ó anocht fo ghoid Geilis an bhean óg uainn."
    "Cé'n mhaith é sin dó," arsa duine eile acu, "nuair nár labhair sí focal leis ó shoin."
    "Ní bhéadh sí mar sin," arsa ceann eile, "dá bhfuichadh sé an luibh atá taobh amuigh de'n tigh agus é a tabhairt dí le n-ól.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Mheith
    Ainmneacha eile
    Eibhlín Ní Mheith
    Nellie Maye
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mrs Morrin
    Ainmneacha eile
    Mrs Morrin
    Nóra Bean Uí Mhuráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    Baile Uí Ruairc, Co. Mhaigh Eo