School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an mnaoi óg agus dubhairt: "Goirrim agus caisricim dom fhéin thú," agus bhí an bean aige, acht thug ceann do na sidheógaibh buille d'á mhaide dhraoidheachta dí chun nach mbéadh sí indon labhairt leis.
Do thug Geilis an hhean abhaile leis. Lá ar na mhárach thug sé go teach an tsagart í agus d'iarr sé ar an sagart í fhágháil annsin go bhfuighidh siad slighe len í chur thar nais go dtí an Fhrannc.
Oidhche Shamhra blian go direach ó'n lá a ghoid Geilis an bhean óg ó na sídheoga dúbhairt sé go rachadh sé amach go dtí an lios agus go bhfanfadh se ag éisteacht, féachaint an gcloisfeadh sé aon rud. Níorbh fhada go dtáinig an sluagh sídhe agus gach uile ceann acu agus "Mo srian mo chapall agus mo dhiallaidh" ar siubhal acu.
Sa deireadh dubhairt duine acu, "blian ó anocht fo ghoid Geilis an bhean óg uainn."
"Cé'n mhaith é sin dó," arsa duine eile acu, "nuair nár labhair sí focal leis ó shoin."
"Ní bhéadh sí mar sin," arsa ceann eile, "dá bhfuichadh sé an luibh atá taobh amuigh de'n tigh agus é a tabhairt dí le n-ól.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Mheith
- Other names
- Eibhlín Ní Mheith
- Nellie Maye
- Gender
- Female
- Informant
- Mrs Morrin
- Other names
- Mrs Morrin
- Nóra Bean Uí Mhuráin
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo