Scoil: The Neale (B.)

Suíomh:
An Éill, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Mac an Bháird
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 069

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0103, Leathanach 069

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: The Neale (B.)
  2. XML Leathanach 069
  3. XML “Scéal faoi Thaibhse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair bhí an buachaill ag dul abhaile bhí eagla air agus d'iompuigh sé ar a sháil agus chuaidh sé go dtí an sagart agus d'innis sé an sgéal do. Annsin dubhairt an sagart leis. "Tá faitchíos orm go bhfuil trioblóid mór déanta agat. Anois téar go dtí an (sagart) gabha agus abair leis cos a chuir ar chrú chapall agus nuair bheidh sé sin agat tar thar n'ais chugam arís." Rinne sé mar a dúbhradh leis agus fuair sé an chrú chapaill agus an chos air agus chuaidh sé ar (air) ais go dtí an sagart. Thug an sagart dhá bhairrille uisge beannuighthe dó agus dubhairt sé leis iad do thabhairt go dtí an pháirc an tráthnóna sin agus rinne sé é gan mhoill.
    Ar maidin d'eirigh sé go moch agus chuaidh sé go dtí an pháirc. Ní raibh se i bhfad annsin nuair tháinig an fear agus teine ag teacht as a bhéal. Bhí sé ag iarraidh an buachaill a mharbhughadh acht chaith se an uisge beannuighthe leis, leis an gcrú chapall. Bhí an fear ag dul thart ar an mbuachaill agus bhí an buachaill ghá chaitheadh an uisge beannuighthe leis.
    Tar éis cúpla uair tháinig an fear as a chapall agus dubhairt sé leis an mbuachaill. "Tá mé i dtóin Ifrinn a deir sé. Nuair bhí mé ar an saoghal seo bhí mé an mhaith do na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    John Gibson
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    Cill Ghoin Mhór, Co. Mhaigh Eo