Scoil: Cnocán Mhichil Naofa (Clochar)
- Suíomh:
- Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: an tSiúr Síle
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ins an tobar acht iomar beag uisge istigh faoi Aill. Tagann chuile dhuine i n-Árainn a mbíonn a shláinte aige chuig an tobar sin chuile bhliadhain ar an naomhadh lá de Mheitheamh. Tá altóir ann freisin agus tugann na daoine turais thart tímcheall na h-altóire sin. Seo é an chaoi a dtugtar na turais ann. -Téigheann na daoine ar a nglúnaibh ag an altóir ar dtús agus abruigheann siad roinnt páidreacha. Tógann siad naoi gclocha beaga agus siubhlann siad tímcheall na h-altóire ar feadh naoi n-uaire. Abruigheann siad an Páidir agus an t-Abha Maria ar chuile chloch. Nuair a bhíos an meid sin ráidhte acu téigheann siad ar a nglúnaibh ag an altóir chun tuile páidreacha a rádh. Ólann gach duine trí bhlogam uisge as an dtobar agus tugann sé lán buidéil de abhaile. Daoine nach mbíonn a sláinte go maith acu craitheann siad an t-uisge ortha féin. Fágann na daoine bronntanas éicínt ar altóir Naomh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Anna Ní Dhioráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe