School: Cnocán Mhichil Naofa (Clochar)
- Location:
- Claremorris, Co. Mayo
- Teacher: an tSiúr Síle
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ins an tobar acht iomar beag uisge istigh faoi Aill. Tagann chuile dhuine i n-Árainn a mbíonn a shláinte aige chuig an tobar sin chuile bhliadhain ar an naomhadh lá de Mheitheamh. Tá altóir ann freisin agus tugann na daoine turais thart tímcheall na h-altóire sin. Seo é an chaoi a dtugtar na turais ann. -Téigheann na daoine ar a nglúnaibh ag an altóir ar dtús agus abruigheann siad roinnt páidreacha. Tógann siad naoi gclocha beaga agus siubhlann siad tímcheall na h-altóire ar feadh naoi n-uaire. Abruigheann siad an Páidir agus an t-Abha Maria ar chuile chloch. Nuair a bhíos an meid sin ráidhte acu téigheann siad ar a nglúnaibh ag an altóir chun tuile páidreacha a rádh. Ólann gach duine trí bhlogam uisge as an dtobar agus tugann sé lán buidéil de abhaile. Daoine nach mbíonn a sláinte go maith acu craitheann siad an t-uisge ortha féin. Fágann na daoine bronntanas éicínt ar altóir Naomh(continues on next page)
- Collector
- Anna Ní Dhioráin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Éinne, Co. Galway