Scoil: Cnocán Mhichil Naofa (Clochar)

Suíomh:
Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
an tSiúr Síle
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0098, Leathanach 372

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0098, Leathanach 372

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnocán Mhichil Naofa (Clochar)
  2. XML Leathanach 372
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá go leor toibreacha beannuighthe i n-Árainn. Tobar Naomh Éinne, Tobar Naomh Colmcille, Tobar Naomh Benín agus Tobar Cheathar Áluinn. Tá Tobar Naomh Éinne i gCill-Éinne ó aimsir Naomh Éinne féin. Deirtear gurab as an tobar sin a bhíodh Naomh Éinne, agus na naomh eile a bhí i gCill-Éinne ag tabhairt uisge. Tá altóir beag déanta i n-aice an tobar agus deirtear gurab' é Naomh Éinne a rinne í. Bhíodh flúírse uisge ins an tobar fadó, acht tá sé ráidhte go ndeachaidh Protastúnach síos ann Domhnach amháin chun a chosa a níghe, agus ó'n lá sin amach ní raibh aon uisge ann. Níl aon lá áirthe ceapaidhthe ag na daoine chun turas a thabhairt ann, acht téigheann siad chuige chómh minic agus is féidir leobh. Tá tobar Naomh Colmcille i gCill-Éinne i nÁirainn ó bhí Naomh Colmcille féin san áit. Níl
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Dhioráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Éinne, Co. na Gaillimhe