Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine) (uimhir rolla 16019)
- Suíomh:
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Ó Reachtagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine)
- XML Leathanach 686
- XML “An Fíodóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dubhairt sé "Féach an méid fathach a mharbhuigh mé agus tá mé i n-ann thú a mharbhú freisin". Tháinig faitchíos ar an bhfathach agus thug sé cuireadh do'n fhigheadóir dá theach. Chuaidh sé go teach an fhathaigh agus d'innis sé an sgéal ar fad dá mháthair. Dubhairt sí leo go dtuibhradh sí roinnt trialacha dóibh agus an té a theipfeadh air go bhfuigheadh sé bás. Sé an chéad ceann a thug sí dóibh ná féachaint cé aca ba mhó a thiubhradh uisge abhaile. Thug an fathach bairile leis go dtí an tobar agus chuaidh an figheadóir freisin acht níor thug sé acht láidhe agus sluasad. Nuair a lín an fathach an bairile thosuigh an figheadóir ag romhair mór timcheall an tobair. D'fiafruigh an fathach de céard a bhí sé ghá dhéanamh agus dubhairt sé go raibh sé ag tabhairt an tobair ar fad leis acht níor leig an fathach dhó é sin a dhéanamh agus dubhairt sé, "Má thugann tú an tobar ar fad leat ní bheidh a thuilleadh uisge againn". Annsin chuadar abhaile agus d'iarr máthair an fhathaigh ar an bhfigheadóir cá raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Mhichíll
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Donnchadha Ó Michíll
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe