Scoil: Eaglais
- Suíomh:
- Boirinn, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seosamh Ó Mongaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eaglais
- XML Leathanach 282
- XML “An Cor agus an Cam”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Fanfaidh tú annsin" ar sise "go bfuighfead-sa an rud atá mé a' iarraidh".D' fhan mac an duine uasail sa gcófra ar feadh na h-oidhche. Ar maidin dubhairt sé le bhean an mhic píosa páipéir a thabhairt dó go scríobhfadh sé chuig a athair ag rádh go raibh sé coinnighthe annsin go dtiocfadh an Gobán agus a mhac abhaile. Thug an bhean an páipéar dó agus scríobh sé chuig a athair ag rádh caidé mar bhí an scéal aige. Nuair a fuair an duine uasal an leitir scaoil sé an Gobán agus a mhac abhaile agus thug sé mála maith óir dóibh freisin as [?] an chúirt a dhéanamh. Nuair a chuadar abhaile leigeadar mac an duine uasail saor agus chuaidh sé abhaile chuig a athair agus bhí gach duine sásta annsin.
- Bailitheoir
- Ail Ní Mhonghaigh
- Inscne
- Baineann