Scoil: Eaglais
- Suíomh:
- Boirinn, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seosamh Ó Mongaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eaglais
- XML Leathanach 284
- XML “An Cófra Cloiche”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus is é an t-ainm a bhí air "Goban Saor". Bhí sé in a shaor cloiche agus ní raibh a shárú le fághail ar an domhan. Lá amháin rinne sé comhra cloiche agus chuir sé ar thaobh an bhóthair ar aghaidh súl na ndaoine. Annsin chuaidh sé i bhfolach comhgarach le go gcluiche feadh sé barramhail na ndaoine dhó. I gceann tamaill tháinic sgata daoine agus bá é barramhail a mbunáite go mba bhreágh an comhra é marach na cosa a beith ró-fhada. Nuair a bhíodar imthighthe thart tháinic sé amach agus ghior sé na cosa roinnt agus chuaidh sé i bhfolach arís. Tháinic sgata daoine eile thart agus ba é a mbarramhail - san go mba deas an comhra é marach go raibh na cosa ró-ghearr. Thuig sé annsin gur mhór an t-amadán a bhéadh ag iarraidh chuile dhuine a shású.Níor dhún Dia bearna ariamh nár fhosgail sé bearna eile.
- Bailitheoir
- Lil Ní Mhonghaigh
- Inscne
- Baineann