Scoil: Eaglais
- Suíomh:
- Boirinn, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seosamh Ó Mongaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eaglais
- XML Leathanach 281
- XML “An Cor agus an Cam”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt an Gobán nach raibh mar bhí ball uirlise amháin ag teastáil uaidh agus bhí sé sa mbaile agus go gcaithfiadh sé an mac a chur in a choinne. Dubhairt an duine uasal go gcuirfiadh a mhac fún in a choinne acht go gcaithfiadh an Gobán ainm na h-uirlise a thabhairt dó. Lá ar na Mháireach tháinic mac an duine uasail go dtí an Gobán agus d' fhiafruigh sé dhe cé' n t-ainm a bhí ar an mball uirlise. "Is é an t-ainm atá air cor in agaidh an'choir agus cam in agaidh an chaim' agus an bhean a bhéas romhat sa teacht tabharfaidh sí dhuit é". Chuaidh mac an duine uasail go dtí teach an Gobáin agus bhí an bhean roimhe. D' fhiafruigh sí dhe céard a bhí uaidh. D' innis an gasúr a scéal di agus nuair a chuala sé ainm na h-uirlise bhí fhios aici ar an bpoinnte cé mar bhí an scéal ag an nGobán. "An rud atá tú ag iarradh tá sé i dtóin an chófra mhóir sin acht caithfidh tú féin é a fhagháil" ar sise. Chrom an buachaill síos agus thosuigh sé ag cuartú i dtóin an chófra. Rug an bhean ar a dhá chois agus chaith sí isteach sa gcófra é(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ail Ní Mhonghaigh
- Inscne
- Baineann