Volume: CBÉ 0312

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0085

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0085

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    mbaintreach bhocht go gcaithfeadh sí í thabhairt duith.
    D’iarr an bhean bhocht d’impí uirtí annsin putógaí na bó a thabhairt duith héin nuair a marógfaí an bhó. Thug. Nuair a fuair sí na putogaí thug sí léithe
    iad agus chroch sí ar sgeich iad ar thaobh a’ bhóthair
    An lá dar gcíonn bhí "Máire na gCloigeann" ag dul an bealach céanna i n-a cóiste. Nuair a
    chonnaic na caiple na putóga ar a sgeich ghabh sgannradh iad agus siúd leó de ruathar isteach sa loch ar thaobh a’ bhóthair (Ballyturn Lake), gur báthú í
    héin agus na caiple agus an cóiste.
    Deirtear go bhfeictear an cóiste ó am go h-am. Bhí beirt fhear óg uair a’ tíocht ó Dhoire Caol go dtí aonach i n-Eanach (i n-aice le Kilbeacanty). Bhí sé an-mhoch ar maidin - ní rabh aon chloig ins na tigtha faoin tuaith an uair sin
    agus shíl na fir óga go rabh sé níos deireannaaighe sa lá ná bhí sé. Nuair a tháiniceadar i bhfasgeacht achair gheairr don loch chonnaiceadar an cóiste a’
    dul a’ bóthar agus na caiple ar cos-in-áirde.
    Rinne na caiple caol díreach ar an loch go ndeacha
    siad de léim isteach ann. Ní rabh aon amharc ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    29 Eanáir 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant