Imleabhar: CBÉ 0312

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0059

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0059

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mille na holann agus a’ mille an tsnátha. Bhí
    go math. Nuair a bhí sé ins an ám ceart ag
    a’ mbean sidhe le theacht un a’ tighe ag iarra
    an phota d’airi sé a’ teacht í, agus tháinic sí ag
    béal a’ doruis a’ breath(n)ú isteach. Nuair a
    chonnaic sí é, ar ndú, mo léan géar! d’aithin
    an Bhean Sidhe go math é.
    "Féach an tsúil," adeir sí, "Féach an béal,
    Féach an fhiasóg fhada bhréan.
    Féach an stropa atá as a thúin,
    Agus féach an tuinnse fada fuar -
    Bá-ú!" adeir sí, agus d’imigh sí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    27 Eanáir 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir