Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ón diabhal," adeir an fear, adeir sé, "mara bhfana mise
istigh amáireach, agus mara gcatha tusa a dhoil am-
ach in m’áit ag obair, agus mara gcatha tú mo
bhríste chur ort agus mo chuid sean-bháscótaí
agus mo shean-hata," adeir sé, "agus a dhul amach sa
ngarraí ag obair. Agus cathfa tusa do shean-
chóta dearg agus do chóta bán agus do naipcín a
thóirt dom-sa, agus do naipcín chuirfeas mé ar
mo cheánn, agus fanfa mé istigh a’ sníomhachán
in t’áit."
B’éigean gon bhean bhocht a dhiana. Ar maid-
in lárnamháireach [b’éigean di] a dhul amach sa
ngarraí as obair, agus a cuid sean-chótaí a chatha
dhi agus a cuid naipcíní. Agus fáisceann an
fear dhá sean-chóta air agus cuireann sé naipcín
Rec. 786a. faoi n-a chloigeann. Beireann sé ar
shean-naipcín eile agus casann sé siar faoi
n-a lár é, agus beireann sé ar shean-naipcín
eile agus buaileann sé anuas ar a mhullach
é. Suas leis go dtí an túirne agus
thosa sé a’ sníomhachan, agus ar ndú níor mhath
é a’ sníomh (sníû). ’Sé chuma a ru sé a’(leanann ar an chéad leathanach eile)