Volume: CBÉ 0312
![The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0048](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0048.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0312, Page 0048
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)Chaoin chaon nduine acab go ru siad
tuirseach - chaoin a’ t-athair a’ chlánn, agus chaoin
an bhean, Gráinne ní Mháille, cloigeann an
Ghabhainn Rua. Achar geárr ’n-a dhia’ bhuail
tinneas an fear agus fuair sé bás, agus bhí
Gráinne ní Mháille a’ diana ’beala mar bhí
sí aríú, ag imeacht ar faraige agus a’ smugláil,
agus í ’n-a bean an-mhór le rá - agus ní ru sí
i nÉirinn aon bhean bu mhú le rá ná í.
Nó go dtáinic a bheirt mhac suas i n-íbhne,
a bheith i n-a bhfir óga. Agus ní i n-éineacht
léithe insin a bhíoch a clánn mhac chor a’
bith, ach chuir sí fios orthab. Agus tháinic an
bheirt mhac go dtí í, agus nuair a tháinic:
"Seo anois," adeir sí, "luach a’ méid seo
lín díob," adeir sí, "agus ceannaígí líon," adeir sí, "an
oiread amháin," adeir sí, "agus téigheach chaon fhear
agaí ag obair," adeir sí, "agus cuireat sé a chuid lín
héin," adeir sí. "Agus ná feicim-se aon afarc
orraí," adeir sí, "go ceánn bliana, go mbeidh air-
gead dianta gon líon agaí agus go dtioca mé
go dtí mé leis - nuair bheas a’ líon tóicíthe,(continues on next page)