Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“Bhí na Fianna a'n uair amháin 'n-a gcomhnuidhe ar a Choill,...”
(continued from previous page)3315 2
ar a Choill, agus d’éirigh siad lá amháin soir
go Sliabh na n Gleanntach a sheilg, agus d’fhág
siad fear amháin a bhí ann a rabh Aodh
Beag air ’na ndiaidh ’na chodladh. Níor
mhuscail Aodh beag ariamh nó go dtí go
dtógthaoi gáir talamh. Bhí na mrá uilig
go léir sa teach agus ní rabh fhios aca
goidé’n dóigh a mbéad siad a dheánamh
bonnachain" le linn eisean a bheith astoigh
Ceangail siad a chuid gruaige thuas ar
a mhaidhe-mullaigh - bhí ’n ghruag fhada air
agus cheangail siad thuas ar a mhaidhe
mullaigh í, agus thóg siad gáir thalamh
léim sé amach ar a bhomaithe as a teach,
agus d’fhág sé iomlán croicinn a chinn
na dhiaidh.
Smaoitigh sé ar fhéin annsin, agus
chruinnigh sé na mrá isteach ’un toighe
agus choil chuir sé’n teach le teinidh ortha
Bhí fhionn thoir ar sliabh na nGleanntach
agus chuir sé a órdóg ina bhéal, agus
dubhairt sé go rabh ceó a teacht a rabh
choir ann, sin nó toighthe a loscadh ar daoimh
gáir chógaidh (oar (ry) Rud ínteacht a dheánamh i ngan
fhios dó dhuine inteacht eile(continues on next page)