Imleabhar: CBÉ 0180

Dáta
1936–1936
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí beirt fhear i bPoinnte Luachruisc seo thíos...

    Bhí beirt fhear i bpoinnte luachruise seo thíos agus bhí seisreach i gcomhar eatorra, agus bhí siad a treabhadh a talamh fá’n am seo bhliadhain. Bhíodh sí Dia Luain ag fear aca agus Dia Máirt ag fear eile, agus aréir mar sin ar a dturn. Thuit sé ar a ghaedheal í bheith aige lá fhéil Pádraic. "An mbéidh tú a treabhughadh lá fhéil Pádraic?" arsa’n fear gallta leis.
    "Ní bhéidh," arsa seisean, "tá mé ag ’ul suas
    go h-Árd a’ Ratha go nó ólfaidh mé bonn
    Pádraic [1]. "Bhail béidh mise a treabhughadh

    [1] Sin airgead a ba gráthach leóbhtha a chruinneadh fhad ó shoin roimh an féil Pádraic (bhéadh siad a fághail a sé pighne nó scilling, leath taoibh ar feadh ráiche roimh an am. Bheadh lá mór acú annsin lá fhéil Pádraic ar an aigead seo).
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    24 April 1936
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir