Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí gabha fad ó shoin i mBaile an Droichid a dtugad siad Padaí Ó Casaide air,...”
3126
Trconai
24(b) Bhí gabha fad ó shoin i mbaile an Droichid
a dtugadh siad Padaí Ó Casaidhe air, agus
maidin Domhnaigh tháinic buachaill isteach agus
d’iarr sé iasacht a cheardta air, agus dubhair
sé go dtabharfadh. Thug sé iasacht a cheardta
dó agus tarraing sé isteach sean-bheathadhach
agus thug sé leis tuath agus caith sé na
ceithre chosa de’n t-sean-bheathadhach. Chuir sé
na cosa isteach sa teinidh agus dearg sé
suas iad agus chuir sé péire cruitheacha
ortha.
Chuir sé na cosa arais ar a ghearra
agus d’éirigh sé suas ’na sheasamh ’na gheara
t(leanann ar an chéad leathanach eile)