Imleabhar: CBÉ 0180

Dáta
1936–1936
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 046

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Ins a t-sean-aimsir bhí 'n námhaid ag 'ul siar thall Poinnte Luachruisc am Chroimail, agus é a marbhadh na ndaoiní.

    Ins a t-sean aimsir bhí ’n námhaid ag ’ul siar thall Poinnte Luachruisc (1) Am Chromhail, agus é a marbhadh na ndaoiní. Nuair a bhí siad ag ’ul siar thall teidh siad anall uatha i Sliabh a’
    Tuaidh(2) solus coinnle - bean a rabh oidhre óg aicí ann astoigh i n-Úig na nDaoiní, sin an áit a rabh sí. Agus tháinic siad thart
    agus mharbh siad a rabh astoigh san úig. Tá crámha na ndaoiní astoigh san úig sin ó’n lá sin go dtí ’n lá indiú.
    Nuair a bhí Cromáil a marbhadh roimhe chuaidh sé isteach go h-oilean Thoraigh, agus
    (1) I bhparaiste Árd a’ Ratha
    (2) Sliabh ar teorainn eadar paraiste Gleanncholuimcille agus par. Árd a' Ratha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    29 April 1936
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir