Scoil: Árd Cróna

Suíomh:
Anagaire, Co. Donegal
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 97

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 97

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Cróna
  2. XML Leathanach 97
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Bhí seanduine ann aon uair amhain agus bhí triúr mach aige darbh ainm Séan, Paidín agus Micheál. Bhí an seanduine iontach saidhbhir ach ní rabh fhios ag a chuid mach go rabh sé saidhbhir. Posadh na triúr mac agus chuaidh siad a comnuidhe i dtoighe daobhta féin. (Dubhairt) Dar leis an t-seanduine go rachadh se thart fríota go bhfeiceadh sé cé an bhean a gcaithfeadh sé deireadh a shaogail aici. Chuaidh sé chuig Micheal agus chuig a bhean an chead uair. Leig sé air fhéin go rabh sé iongantach deacar cuir suas leis go bfeicead sé caidé mar ghlacadh an bhean é.
    Seanduine a bhí ann a rabh feasóg fada air. Lá amáin nuair a bhí an bhean agus an fear amuigh ag obair cuir sé bainne thart ar an fheasóig go leir. Nuair a tháinig an bean isteach a dheanadh réidh bidh fuair sí an seanduine na shuidhe a chois na teineadh agus a chuid feasóige lán bainne. “Ó a gaduidhe”, arsa síbhe “níl tú a gabhail a chuir a bhfuil san teach seo amudha. Bheir sí ár agus chaith sí amach ar an doras é agus ní rabh Micheal ró maith do ach oiread. Annsin chuaidh sé chuig Paidín agus chuig a bhean agus thoisigh sé air an obair ceadhna a rabh sé air sa teach eile. Lá amháin nuair a bhí Paidín agus a bhean amuigh ag obair chuir sé banne thart ar a fhéasóig mar rinne sé ariamh ag leigint air gur ól sé a shaith de. Nuair a thainig bean Paidín isteach agus chonnaic sí caidé a rinne sé dubhairt sí leis. “Nach mór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Nic Aodha
    Inscne
    Baineann