School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 83a
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bí béirt fhear i Leitir-Ceannain fadó shóin Séan agus Domhnall ar b’ainm daobhtha. Bhí Séan pósta agus Máire a b’ainm do’n bhean a bhí aige. Fear meadhon aosta a bhí i nDomhnall agus thighead sé isteach ach’an oidhche go tóigh Shéain. Bhí clog mhór crochta ar an balla ag Séan agus bhí an bhéirt ag dhiospoireacht fa ce a deireadh, “Anonn agus anall agus arais” fhad a’s bhí an “Pendulum” ag gabhail anonn agus anall agus ag teacht arais go cionn uaire. Dubhairt Séamas go ndeanfadh séiséan é “Cuirfidh mé síos punnta nach ndeanfaidh arsa Domhnall. Maith go leor arsa Sean fág an punnta ar an fuinneoig agus toiseochaidh mé. Bhí Domhnall na shuidhe ar cataoir agus a dha shuil saidhthe ins an fhear a bhí ag amarch ar an Phendulum agus ag rádh “Anonn as anall bhí an uair cor-a bheit caithte anois agus bhí Domhnall ag éirghe rud beag mio-sasta no bhíos aige indiaidh na h-uaire go mbeadh an punnta caillte aige.
Smaointigh sé ar phlán. Siubhal sé amach a’s an chistinigh in gan fhíos agus chuaidh sé síos go seomra beag in áit a rabh bean Sheain ag obair go dithchilleach ag nighe eaduigh. Maise a Mháire a thaisge ní mhaith liom droch sgéala a thabhairt cugat. Tá Séan na shuidhe shuas ins an chistinigh anois le cor-a-bheit uair agus níor labhair sé focal liom rith an ama acht ag radh “Anonn a’s anall agus(continues on next page)- Collector
- Maighréad Breathnach
- Gender
- Female
- Informant
- Grainne Breathnach
- Gender
- Female
- Age
- 38
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal