Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Donegal
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 76
- XML “Oíche Dála agus Oíche Tórramh”
- XML “Oíche Fhéile Bríde nó Oíche Chinn Féile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an árd dorus agus deireadh sé,-
“Seo mhur (bhur) sláinte agus sláinte na lanamhna ó bhalla go balla agus má an dhuine sa chreataidh, Suidh agaibh”. Chaitheadh sé an cheud ghloine suas faoi urla an toighe chuig na daoine beaga. Annsin lionadh sé an gloine arais agus doladh sé fhéin é. Dimthigheadh lucht na bain’se annsin na bhaile agus nuair a bhíodh siad a dhul amach an (dru) dorus gheibheadh ‘aca’n fhear gloine uisge bheatha, nó na cailíní fíor mar ba mhian leobhtha. Ní bhíodh an dhuine fágtha ach an lanamhain agus muinntir an toighe. Chaiteadh an lanamhain deanamh as daobhtha fhéin ó sin amach. - ‘Oidhche fhéile brighde nó oidhche chinn féile.’Oidhche fhéile brighde an ceann de na h-hoidhceanna is deise atá againn. Tá gnás fá leith ag baint leis an oidhche seo thar oidhche ar bith eile sa bhliadhain. I bhfad ó shoin bhíodh na daoine na dtrosgadh ó’n dó dheug. Bhíodh an brúightín réidh ag dhul ó sholus dó agus sula dtoiseoidh an dhuine ar a shuipeár dearadh ceann-urraidh an toighe. “Míle altugadh do Dhia ar son na gcúig n-arán agus an dá iasg ar na cúig mile do roinn Dia, a roinn a [?] roinn go dtaruidh chugainn ar gcuid agus ar gcomh roinn.”Annsin díosadh a’ca’n dhuine a shuipeár agus bheireadh ceann-urraidh an-toighe buidheacas do Dhia.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cnoc an Chaocháin, Co. Donegal