Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)da thaobh. Bhíod sé de ghnás an t-am sin deich bpunnta a’s fiche agus bó baine a thabhairt dé’n ghiorsach agus bheireadh an t-athair giota talamh dé’n mhach agus chuidigheadh sé leis teach a dheánamh. Chruinnigheadh an cailín a cuid daoine muinnteardha fhéin agus an stocach mar a gceudna. Gheibheadh siad píopaire nó fidileóir agus chaitheadh siad an oidhche go maith sugach. Dá neireocadh an t-uisge beatha gann chuirfidhe fá choinne tuilleadh. Nuair a socruigthí deireadh, theigeadh stocach chuig sagart na paróiste fá choinne diosmasaid.
Theigeadh an lanamhain go teach a phobail agus na bhoiteoirí i na gcuideachta. Phosthaí an lanamhain. Cia bith teach taibhirne a bfuighthí an t-uisge beatha ann dfannadh siad ann go bfuigheadh siad a ndinnear agus damhsaigheadh siad annsin go meadhon oidhche. Annsin thigeadh siad go teach na mná agus bhíodh suipear maith réid annsin. Nuair a bhíodh an suipear thart gheibheadh ‘aca’n dhuine braon uisge beatha agus dá mbíod an fear saidhbhir geibheadh sé fíor de na mná. Bhíodh an fidileóir nó an píopaire ceudna acú as bhíodh acú oidhche na dála. Dheánadh siad annsin cúrsa damhsa agus amhráin na dhiaid theigheadh siad ar agaidh mar sin go maidín agus ba an damhsa deireannach a dheantaí ag na leitheadh seo nó an “stucaire”. Chaiteadh an stucaire i gcomhnuidhe deoch an dorus a tabhairt daobhtha nuair a bhíodh siad ag imteacht. Gheibheadh sé cruiscín uisge bheatha agus gloine agus sheasuigheadh sé faoi(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ruiseail
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ruiseail
- Inscne
- Baineann