Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Donegal
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 31
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Séan Sgéal.
Bhí sin ann agus fada ó bhí. Bhí rí agus bainríoghan ann agus ní rabh acu acht an ingean amhain. Tharla go rabh fear muinnteardha don ríg seo-rí eile-ag dul dá phósadh agus fuair an rí agus an bainríoghán cuiureadh na bainnse. B’éigean daobhtha cailín eile de chuid na comhursán a faghail le fanacht ag an ingin ins an chaisleán go b’fillfeadh siad-san arais.
D’imtigh siadsan ‘na bainnse agus thúsaigh uaigneas a theacht ar na cailiní. Bhí eagla ortú go mbféidir go dtiocfadh ‘robbers’ nó gaduidheannaí ar bith fa’n chaisleán, agus túsaigh siad agus dhruid siad suas na simléirí uilig go dtí ceann amháin - ceann na cistineadh. Suidh an bheirt acu ar dhá thaoibh na teineadh agus thúsaigh uaigneas agus eagla mhór a’ theacht orthú. Smaoitigh nighean an rí ar chlaideamh a - h-athara a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nora Bean Uí Bhranainn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Grial, Co. Donegal