Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 32
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí suas go h-árd sha chaisleán - smaoitigh sí gur chóir díthe e a thabhairt anuas. Cuir sí tábla ar mhuin tábla, agus cathaoir ar mhuin cathaoireach. Go bhfuair sí suas go mullach an chaisleáin agus go bhfuair sí an claidheamh. Thug sí anuas an claidheamh léithí, agus shuidh siad a chois na teineadh aríst.
Ní rabh siad i bhfad ‘na suidhe annsin gur mhothuigh siad treastáil ag teacht anuas an t-simleáir, agus caidé bhí ann acht fear mór fada dubh, agus dhá coinneal leis in a phóca. Tharraing ingean an ríogh an claidheamh agus mhairbh sí é, agus chaith siad amach i lár an urláir é. Ba ghearr ‘na dhiaidh sin go dtáinig fear eile anuas acu. Tharraing sí an claidheamh agus mharbh sí eisean, agus chaith siad amach i lár an urláir é. Anuas leis an tríomhad fear - ag deánamh go rabh an bheirt eile ag dul ‘un tosaigh go maith - acht tharraing sí an claidhéamh agus mharbh sí eisean fosta.
Fá chionn tamaill ‘na dhiaidh sin tháinig an ceathramhadh fear anuas, acht ní rabh oiread deifre airsan ag teacht anuas dó, agus bhí ar an chuid eile acu.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nora Bean Uí Bhranainn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Grial, Co. Dhún na nGall