School: Árd Cróna

Location:
Anagaire, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 11

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 11

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Cróna
  2. XML Page 11
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dtabhairfeadh sé an chuid eile de’n chasán í. Rinne siad sin agus nuair a chuaidh siad trasna na trága léim an fear anuas o’n beathach agus bhí an cailín leis. Tharraing sé complach thart ar é fhéin agus ar an chailín in ainm an athar agus an mhic agus an spiorad Naoimh. Ní rabh misneach acu baint daobhtha na diaidh sin ach d’fág siad bodhar agus balbh í. Thug fear na Cruite na bhaile chuig a mhathair, í, agus bhí annsin bodhar agus balbh go dtí bliadhain o’n oidhche sin.
    Indiaidh a shuipeara oidhche Samhna aríst d’éirigh an fear amach go dtí an áit a dtháinig na daoine beaga air bliadhain agus an oidhche sin. Chonnaic sé iad ag bun binne ag ithe agus ag ól a’s ag comhradh. D’éiste sé leis an comhradh agus cualaidh sé fear acu ag rádh gur bhliadhain agus an oidhche sin a thug an Baoigheallach an cáilín uatha. Arsa fear eile acu, “Níl mórán de n-a pléisuír ó shoin aige”. Arsa an treas fear, “dá bhfuigheadh sí deoch as an chorn seo bhéadh sí slán folainn aríst,” Nuair a mhothuigh an Baoigheallach seo chuaidh sé suas fhad leo. Bhí luthgair mhór ortha é a fheicheal agus thairg siad deoch dó as an chorn. Nuair a fuair seisean an chorn d’imthig sé leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa Mc a Bhaird
    Gender
    Female
    Informant
    Séamus Mac a Bhaird
    Gender
    Male
    Address
    Mín Beannaid, Co. Donegal