School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí "Michéal a' Cuibhneac" (Ó Cuinn)
"Mind you" Thunder and Lightning "Pound of Meal" "Bite of Bread" Johnny Hartigan Johnsie Quin "The Cipineach" Paddy Quin"Mind you"
Bhíodh "Mind you" i dtosach ags indeire gach abairte aige. Bíodh a lán cótaí móra agus beaga air agus siad go léir stracaite. Thagadh sé go tigh Bean Ui Ceitinn sa dTulach Ruadh (Dún Átha) agus cuireadh sé fé (gan cuireadh) in a tigh dhá oidhche i ndiaidh a chéile. Suidheadh sé cois na teine i rith na h-oidhche ar fad agus dhóghadh sé ualach mhona agus bhíodh sí cráidhte aige. Bhí an ráfla amuigh air go raibh roinnt éigin airgid aige agus cheap sí ar shéift chun é do dhíbirt. An chead oidhche eile do tháinig sé isteach ar sise leis "Tabhair dom cúpla púnt chun bó eile do cheannach". "Níl aon airgead agam" ar seisean agus d'imtigh sé agus níor tháinig sé ar ais ann arís.Michéal a' Chuibhneach (Ó Cuin)
Bhí triúr dricháir ann agus " daoine le dia" íad go léir. Ní raibh aon locht nó tinneas intinne ar a n-athair ná ar a máthair. Nuair d'fás síad agus nuair thuig an t- athair cad é an sórt leanbhaí a bhí aige treig sé iad. Chuaidh sé go h America agus níor fhill sé arís.Fear beag ab'eadh Michéal agus caitheadh sé seál anuas ar a cheann mar mhnaoi. Tháinig sé isteach i dtigh Sheáin Ui Chadlaig(continues on next page)- Informant
- Terence Lynch
- Gender
- Female
- Address
- Doonaha, Co. Clare