School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin

Filter stories

Back
/ 339 Forward
Resolution: Low | High
Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 201

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Do chualaidh fear uair amháin go raibh ór le fágáil ar cnoc Dúnátha i bpáirc le Mac Guidhir lámh le h-abhainn Dunátha agus go raibh túrcai i bhfeighil an óir. Do chuardaig sé an áit gach lá acht ní fuair sé aon rud. Sa deireadh fuair sé an t-ór acht ní raibh carn maith de ann agus ní raibh sé sásta leis. Bhí se ar buile annsan agus do chuir sé eascaine ar an ór leis an méid aimsire a bhí caithe aige á lorg. Do cuaid sé isteach annsan go dtí a bhean céile chun innsint dí i dtaobh an óir nuair a tháinig se cómhfada leis an mála óir ni raibh ann acht mála críada.

Collector
Seumas Ó Scannláin
Gender
male
Address
Doonaha, Co. Clare
Informant
Eilís Bean Uí Scannláin
Relation
parent
Gender
female
Address
Doonaha, Co. Clare
Language
Irish

Tá ór i bhfolach i bpáirc atá ag Pádraig Ó Muireadhaigh, Cill-Chrónáin, Carraig a' Chabhaltaigh, Co. an Chláir. Tá sé i bhfolach i n-aice leis an gclaidhe agus tá sgeach-gheal ag fás mór thímcheall air agus tá crúdh chapaill fágtha ar an gclaidhe mar mharc air. Cun an óir seo d'fhághail bheadh ar trúir ar a laigheadh dul ag romhar agus bheadh ar dhuine aca a anam d'imirt i dtreo go mbeadh an t-ór ag an mbeirt eile. Acht níl aoinne sásta a anam d'imirt

(continues on next page)