Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí "Michéal a' Cuibhneac" (Ó Cuinn)
"Mind you" Thunder and Lightning "Pound of Meal" "Bite of Bread" Johnny Hartigan Johnsie Quin "The Cipineach" Paddy Quin"Mind you"
Bhíodh "Mind you" i dtosach ags indeire gach abairte aige. Bíodh a lán cótaí móra agus beaga air agus siad go léir stracaite. Thagadh sé go tigh Bean Ui Ceitinn sa dTulach Ruadh (Dún Átha) agus cuireadh sé fé (gan cuireadh) in a tigh dhá oidhche i ndiaidh a chéile. Suidheadh sé cois na teine i rith na h-oidhche ar fad agus dhóghadh sé ualach mhona agus bhíodh sí cráidhte aige. Bhí an ráfla amuigh air go raibh roinnt éigin airgid aige agus cheap sí ar shéift chun é do dhíbirt. An chead oidhche eile do tháinig sé isteach ar sise leis "Tabhair dom cúpla púnt chun bó eile do cheannach". "Níl aon airgead agam" ar seisean agus d'imtigh sé agus níor tháinig sé ar ais ann arís.Michéal a' Chuibhneach (Ó Cuin)
Bhí triúr dricháir ann agus " daoine le dia" íad go léir. Ní raibh aon locht nó tinneas intinne ar a n-athair ná ar a máthair. Nuair d'fás síad agus nuair thuig an t- athair cad é an sórt leanbhaí a bhí aige treig sé iad. Chuaidh sé go h America agus níor fhill sé arís.Fear beag ab'eadh Michéal agus caitheadh sé seál anuas ar a cheann mar mhnaoi. Tháinig sé isteach i dtigh Sheáin Ui Chadlaig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Terence Lynch
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Átha, Co. an Chláir