School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 214

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 214

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 214
  3. XML “Timpistí Eile - Oídhe Nollag na Gaoithe Móire 1839”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oidhche lae na nodlag bige nuair a bhí na daoíne ag a ndinnéir do thosnuig an Stoirm Uathbhásach. Deirtear go raibh Néal í bhfuirm arthaíghe le feiscint sa spéir roimhe sin. Pé sgéal é do leag an stoirm a lán tíghthe in aice le Ceann Léime agus Cill Bheathaid. Núair do ritheadh Acht 1909 chun pinsin a thabhairt do shean-daoine a bhí 70 mblíana d'aois ba dheacair dóibh a n-aoíseanna d'fághail mar ní Cláruígheadh a mbaístí acht go h-annamh. Núair a tháinig scéim na bPinnsin í bfeidm bhíodh sé mar sgéal ag na sean-daoine ó Corca Baiscinn thíar. " O dho rughadh mé ar Oidhche Na Gaoíthe Móire." Do dhéanfadh sé sin 70 mblíadna d'aois íad í 1909. Leagadh Tigh leis an Sagart í nDruim Éilithe (Cill Michíl, Co an Chláir) Píosa bágúin a bhí ar crocad le na fraightheacha sa gcistin, fúarthas é sáidhthe ar bhior d'en geatha lá ar na bháireach.

    Maíre ní Loideaín
    b n-a máthair.
    Dún Átha,
    Cill-Chaoidhche, Co An Chlaír
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Loideáin
    Gender
    Female
    Address
    Doonaha, Co. Clare