School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 240

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 240

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 240
  3. XML “Na hAinmhithe Allta sa Chomharsanacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Madra Rúadh An Firéad
    An Luch An Franncach
    An Easóg An Coinín
    An Gírrfhíadh An Ghrainneóg
    An Broc An Dobharcú
    An Cearc Uisghe An Frog
    An Cearc Fhraoig An Laca Fhiadhain
    An Ghé Fhíadhain An Eala

    Madra Rúadh:
    Comhnuigheann an madra rúadh i bpoll ar thaobh claidhe nó i lios. Deineann sé alán díoghbhála dos na feirméoirí. Marbhuigheann sé na h-éanlaithe agus itheann sé turnaipí agus coirce. Úsáidtear a fhionnadh chun fionnadh na mban do dheanamh.

    Firéad:
    Bíonn firéidí ag alán daoine as agus úsaidtear iad chun na gcoiníní do chur amach as na puill. Itheann siad bainne agus tá leigheas d'on truic ar an mbainne a fhágann an firéad in a dhiaidh. Itheann siad feoil preacháin acht i dtosach baineann siad díobh na clúimh agus cuireann siad in aon beartán amháin íad.

    Easóg:
    Lá amháin do bhí fear ag gabháil tríd na páirceanna agus bhí bata aige agus do chonnaic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Language
    Irish