Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Suíomh:
Doonaha, Co. Clare
Múinteoir:
Ed J. Headtromóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 241

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 241

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Leathanach 241
  3. XML “Na hAinmhithe Allta sa Chomharsanacht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé easog. Do mharbhuig sé í agus an oidhche sin do tháinig easóg eile agus do mharbhuig sí na h-éanlaithe go léir. Bíonn sé de nós ag daoíne gan easóg do mharbhú mar deirtear go dtagann síad agus go marbúigheann síad na h-éanlaithe tíghe.

    Aon úair amháin do bhí beirt nó triúr fear ag tarrainngt féir agus bhí soitheach uisge insan bpáirc aca. Tar-éis tamaill chonnacadar nead easóg agus do thógadar í agus chuireadar i n-áit slán eile í. Núair do tháinig an sean-easóg níor fhéad sí an nead d'fághail agus do chaith sí seile isteach sa soitheach chun nimh do chur ann. Tar-éis tamaill fúair sí an nead agus na h-easóga slán agus tháinig sí arais agus do dhoirt sí an soitheach uisge i dtreó nách ndéanfaí aon díoghbgháil do na fearaibh.

    FRANNCACH
    Úair amháin do chuir fear inneall franncaig chun franncac do mharbhú agus gach maidin do bhíodh fíacla an innill dúnta agus do bhíodh an píosa feóla imthíghthe gan aon franncac aige ann. Ní raibh fhíos aige cad a bhí ag ithe an phíosa feóla gach oidhche. Acht aon oidhche amháin d'fan sé féin agus duine eile insan scíobóil in a raibh an t-inneall. Núair a tháinig an franncac amach rug sé práta in a bhéal agus leig sé dó tuitim ar an inneall agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge