School: Durrow
- Location:
- Durrow Demesne, Co. Offaly
- Teacher: P. Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'fhéach go h-eaglach ar chúl. Ní raibh le feisgint ach meall feárach mar anbíodh an Moítín de shíor.Ar ais leis go dtí tír na Danmhairge.
"Seo" ar seisean leis an feirmeoir.
"Seo na neithe gur chuadhas in a n-aghaidh."
D'fhéach an feirmeoir ar na neithibh - an chíor agus an sciosúr.
Chaith sé seile uaidh le méid a dhímheasa.
"Ná fhaca tú aon ór sa Mhoítín?" ar seisean.
"Ór an eadh? Or! Chonnaiceas an méid óir is a h-éadóchadh righthe an domhain."
"Agus níor thugas fiú glac de leat?"
"Níor thugas. Ní dubhraís liom é thabhairt"
"Ó, má's fuar an teachtaire is fuar an freagra.
Bhíos féin fá gheasa gan arádh leat ór do thabhairt. Ach cheapas go mbéadh sé de cheíll ionnat agus de shainnt ionnat cuid de thabhairt leat. Dheinis breall den ghnó.Imthigh leat ar ais go h-Éirinn. Ba mhaith nar dheinis obair bachaigh. Tabhair a rogha do bhachach agus toghfaidh sé díogha. Thugas leat an chuid ba mheasa agus bíodh an chuid is measa agat go deo. Thánaigís chugham id bhacach, imtheochar uaim id bhacach agus romhat sa tá saoghal bacaigh.- Informant
- Séamus Ó Néill
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Kildangan, Co. Offaly