School: Durrow

Location:
Durrow Demesne, Co. Offaly
Teacher:
P. Ó Coinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0804, Page 167

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0804, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Durrow
  2. XML Page 167
  3. XML “Fear na Círe agus Fear an Sciosúra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus sciosúr."
    "Cíor agus sciosúr!" arsa fear na Darmhágha.
    "Is ait í mar athchuinghe. Agus fós conus a' ngeobhainn iad agus cá h-áit?"
    "Éist. Nach eol duit gur féidir dul isteach sa Mhoítín."
    "Nuadhacht dom, é sin."
    "Bheul, is féidir. "Tabharfad duit slat draoidheachta agus nuair buailfidh tú áit áirithe sa Mhoítín féadfair dul isteach.
    Gheobhaidh tú istigh na neithe d'ainmnigheas."
    "Tá go maith. Déanfad mar órduigheann tú."
    As go bráth leis go dtí a thír féin agus iar sroisint an Mhoítín bhuail mar a dubhradh leis agus i bpreabadh na súl seo ar a aghaidh doras mór fairsing agus é ar dhian leathadh.
    Isteach leis. B'iongntach an fheic (?) roimhe. Bainrioghain mhaiseamhail suidhte ar chathaoir rioghdha agus í feistighthe in éadthaighe sróill agus síoda agus í in a toirchim suain.
    Ghaibh sé go h-aiclidhe sa tempeall.
    Mhéadaigh ar a rosgaibh le h-iongntaisí na h-áite.
    B shin ór - Cairn mhóra de!
    Chomhnuigh a shuíl go buan fada air.
    Dúisigheadh de gheit é. Léim cat mór dubh as cúinne an Mhoítín agus le tarraingt na h-ánala bhí an fear bocht amuigh sa bhán.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0726: The Oldest on the Farm
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó Néill
    Gender
    Male
    Age
    61
    Occupation
    Oibrí
    Address
    Kildangan, Co. Offaly