School: Durrow
- Location:
- Durrow Demesne, Co. Offaly
- Teacher: P. Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Durrow
- XML Page 151
- XML “Limistéar Dharmhágha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'acraí talmhan innti agus í i bhfuirm cearnóige. Fan or na feirme bhí comhnuidhe ar a thuinidhthe agus sheiftigh sé ar a ndi-shealbhughadh oir shanntuigh a gcuid. Cuireadh chuige. Aoinne go raibh sé thiar aige le cíos - dá luighead an t-achar - baineadh a chuid de agus curtadh amach é. Bhí ar na tuinidhthe seo fear go raibh cíos ag an tighearna air. Dhírigh an tighearna air d'fhonn a fhachta agus fuair. Gairid roimhe sin thug an maor cuaird ar an bhfear céadna ar lorg cíosa ach tugadh dó an t-eiteachas. Ghlaoidh an tighearna ar a mhaor agus d'innis mar thárla agus dhein sé maoideamh agus mustar as méid a mheallta. Níor ghlac an maor go ró réidh leis an gníomh. "Tabhair dom an cíos san" ar seisean, "agus taisbeánfad duit dualgaisí tighearna dhuit." Tugadh dó an cíos - rud a dhearbhuigheann an tigheanas agus an maighstreacht abhí aige air agus siúd leis i dtreo tighe an tuinidhe. Thug dó an t-airgead agus ó ba rud nach raibh an cíos díolta as díshealbuigheadh do láthair é. Aral (?), tú fothraigh tighthe um an fheirm mhóir ud a dheimhnigheann olcas agus míodhaonnacht na beirte úd. Agus nuair ruaigeadh ó na h-oraibh agus ó na h-imeallaibh na tuinidhthe úd tosnuigheadh ar fhalla árd do thógáil. Tá cuid de le feisgint inballaibh fós ach níor leanadh ar sheift a h-iadhta ar fad. Seo mar thárla bás an tighearna.Deineadh séipéal breagh nua sa Darmháigh agus iar a chríochnuighthe (1838) sheiftigh an tighearna(continues on next page)