School: Durrow

Location:
Durrow Demesne, Co. Offaly
Teacher:
P. Ó Coinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0804, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0804, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Durrow
  2. XML Page 150
  3. XML “Limistéar Dharmhágha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (*Tuilleadh béaleasa indeireadh an leabhair)
    Taobh tíre í seo atá suidhte ar thaobh thuaidh na Tulaighe Móire - idir í agus Cill Bheagáin. Mágh atá innti ach amháin go ngabhann cnámha loma n- Eiscir Riada tríthi. Beag nach tré na lár snigheann abha bheag ar a tugtar "Silver River". (-) Talamh air a furmór agus claoidhtear go mór le saothrughadh talmhan.
    Eolas agus béaloideas annso thíos fachta ó Phadruig Ó Muineog. (-) sean fhear go bhfuil ceithre scór a seacht de bhliadhntaibh aige. Is cuimhin leis lá adhlactha An Athar Uí Reachtarbhuigh. Cuireadh é siúd sa bhliadhain 1857 nuair a bhí Pádruig ceithre bliadhna d'aois. Bhí sé inbaclainn mná éigean a deir sé agus is dócha gurab é fuaitheantas (?) agus radhairc ar mheirgí lá a churtha a dhaingnigh a mheabhrughadh ann.

    Lord Norberry "The Lord's Hill"
    Tá fána bheag leis an mbóthar a ghabhann thar scoil Darmhága idtreo na Tulaighe Móire agus "The Lord's Hill" a tugtar air. Lord Norberry a beadh an "Lord". Bhí comhnuidhe air sa Darmháigh agus fuatuigheadh leis na daoine é - go mormhór na tuinidhthe. Ach dá olcas Lord Norberry ba mheasa seacht n-uaire a mhaor. (Garvey) a b'ainm do siúd. Ba mhór a fheirm - agus tá fós ag a shíolraidh. Tá, mheasfainn, idir 800 agus míle
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Durrow Demesne, Co. Offaly