School: Liscannor (B.) (roll number 4435)
- Location:
- Liscannor, Co. Clare
- Teacher: Dónall Mac Cárthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Liscannor (B.)
- XML Page 125
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí righe ann fadó agus is fadó a bhí agus bhí bramach stail aige agus do chuir sé in uaig fá thalamh é ar feadh seacht mbliadhain.”
Bhí ríthe ann fadó agus is fadó a bhí agus bhí bramach stail aige agus do chuir sé in uaig fá thalaimh é ar feadh seacht mbliadhain. Agus ní raibh de beatha aige acht cruithneacht agus fíor uisge a thabhairt dó. I gcionn seacht mbliadhain cuir sé scoil at bun feachaint a bfaghadh éinne chun a chapaill do thiomáint agus fuair sé fear breagh láidir. Dubhairt sé le'n a thiomáinaidhe srian agus diallait a chur ar an gcapall agus dul ag marcuigheacht agus ná stad no go ndeacaidh sé isteach sa bhfairrge. Do snáimh sé leis agus cuaidh sé anonn go h-oileán a bhí ann agus bhí sé cóimh miníghthe le aon [staighín?] a bheadh ag tarrach ghainmhidhe i rith an t-séasúr. Annsan nuair a tháinig an tiomáinaidhe ar ais do chonnac sé bean ag cíoradh a cinn, cinn óir agus airgid aici. Ansin d'fhiafruig sé de an raibh aici a cuirfeadh a chapall sa stábla. Dubhairt
sí go raibh cruaca annsin agus an t-srian agus an diallait a chur air agus cuirfeadh an capall sa stábla. Annsan chuaidh sé 'na codhladh agus bhuail sé biorán de ar an úrlár. D'fhan an cailín an tárna lá agus do dhein sí an cleas céadhna.(continues on next page)- Collector
- Áine nic Aodha
- Gender
- Female
- Address
- Cloghaun, Co. Clare
- Informant
- Seán de Cláir
- Gender
- Male
- Age
- 86
- Address
- Beaghy, Co. Clare